Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
Nuair a chuala siad caint an rí, d'imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh.
Tugann sé arda na cruinne dó le marcaíocht tharstu, agus beathaíonn sé é le toradh na sléibhte; tugann sé mil ón gcarraig le deol dó, agus ola ón gcarraig scáil;