Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 19:6

An Bíobla Naofa 1981

Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Threig sise céile a hóige agus rinne dearmad ar chonradh Dé.

Fiafraíonn sibhse, áfach: “Cad chuige sin?” De bhrí go raibh an Tiarna ina fhinné idir tusa agus an bhean a bhí mar chéile agat ó d'óige, an bhean a bhfuil tú tar éis feall a dhéanamh uirthi ainneoin gurbh í do chara cléibh agus do chéile conartha í.

Má chuireann fear a bhean chéile uaidh toisc gur gráin leis í, smearann sé a chuid éadaigh le foréigean; mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná bígí mídhílis, a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael.

agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’

Dúirt siad leis: “Cén fáth, más ea, ar ordaigh Maois litir idirscartha a thabhairt le linn í a scaoileadh?”

Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.”

An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir.

Go deimhin, tá d'fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an té a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá.

Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí