Dúirt an duine ansin: “Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m'fheoilse í. Tabharfar bean (ís-seá) uirthi Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”
Nach ndearna sé aon aonad amháin a bhfuil colainn agus spiorad fite fuaite ina chéile ann? Ach deir sibhse: “Céard eile atá á lorg ag [Dia] ach sliocht diaganta?” Mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná déanadh aon duine feall ar an mbean atá mar chéile aige óna óige.
Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?
Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.’