Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 19:28

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

Ghlac Éilias dhá chloch déag, ag freagairt d'uimhir na dtreibheanna de chlann mhac Iacóib ar tháinig briathar úd an Tiarna chucu: “Iosrael a ghairfear díbh!”

agus dhá leon déag ina seasamh ansiúd, leon ag dhá cheann gach céime de na sé ceimeanna. Ní dhearnadh a leithéid de ríchathaoir riamh in aon ríocht eile.

Do choisreacan Theampaill seo Dé d'ofráil siad céad tarbh, dhá chéad reithe, ceithre chéad caora, agus dá phocán déag mar íobairt pheaca thar ceann Iosrael go léir, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael.

Thángadar dá bhrí sin go hÉilím mar a raibh dhá thobar déag fíoruisce agus seachtó crann pailme agus shuíodar a gcampa láimh leis.

Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.

Beidh ainmneacha chlann mhac Iosrael orthu agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha orthu; beidh siad greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.

Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.

Óir na spéartha nua agus an talamh nua atá á gcruthú agam, díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna, is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n‑ainm buan chomh maith.

“Gabh chugat roinnt plúir mhín agus bruith dhá bhairín déag de, dhá dheachú d'éafá i ngach ceann.

Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.

Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”

Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agamsa, go n‑ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.”

“Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.

Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.

Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”

Agus dúirt siadsan leis: “Tabhair dúinn go suífimis, duine againn ar do dheis, agus duine againn ar do chlé, i do ghlóir.”

Mar ní mór do na flaithis é a choinneáil go dtí go mbeidh gach ní curtha ina cheart arís faoi mar a d'fhógair Dia trí bhéal na bhfáithe naofa fadó.

Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinn.

Toghaigí dáréag fear gan mhoill, dá bhrí sin, as treibheanna Iosrael, fear as gach treibh.

Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.

Agus an ceathrar seanóirí ar fhichid a bhí ina suí ina ríchathaoireacha os comhair Dé, chaith siad iad féin ar a mbéala agus thug siad adhradh do Dhia

Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a ceann.

Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.

Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”

Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoradh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann.

Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta.

An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.

Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.

Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí