Ar a chloisteáil sin do na deisceabail, ghabh iontas mór iad agus dúirt siad: “Cé is féidir a shlánú más ea?”
Agus táim á rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”
Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”
Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.
Agus mura ngiorródh an Tiarna na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán; ach ar son na dtofach a thogh sé, ghiorraigh sé na laethanta.
“mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”