Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 19:24

An Bíobla Naofa 1981

Agus táim á rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairt nó an liopard a bhreacadh? Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh, tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?

Ar a chloisteáil sin do na deisceabail, ghabh iontas mór iad agus dúirt siad: “Cé is féidir a shlánú más ea?”

Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”

A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.

Sea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”

D'fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.

Conas a b'fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir á glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí