An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í.
Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.
D'fhreagair sé agus dúirt: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’ ”
Na haitheanta “ná déan drúise,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”
Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir mar a d'aithin an Tiarna do Dhia duit i dtreo go mba fhada iad do laethe agus go mbeadh an rath ort sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit.