Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd.
Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!”
Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile.
Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.