Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 19:10

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt na deisceabail leis: “Más amhlaidh sin atá an scéal ag an bhfear i leith na mná, is fearr gan pósadh.”

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”

An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.

Is fearr cur fút san fhásach ná le báirseach cancrach mná.

Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn.

Dúirt sé leo: “Ní hé gach aon duine a ghabhann an chaint sin chuige, ach an mhuintir dá bhfuil sé tugtha.

Ach deirimse libh, duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus nach de dheasca striapachais é, agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.”

Is é a deirim leis na daoine single agus leis na baintreacha go mb'fhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin.

Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí