Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 18:33

An Bíobla Naofa 1981

Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?’

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Chuir an máistir fios air: ‘A sheirbhísigh mhallaithe,’ ar seisean, ‘mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm.

Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n‑íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán.

“Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.

agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;

Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.

Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí