Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n‑íocfadh sé na fiacha.
agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”
An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: ‘Bíodh foighne agat liom,’ ar seisean, ‘agus íocfaidh mé leat é.’
Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir.