Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 18:29

An Bíobla Naofa 1981

Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: ‘Bíodh foighne agat liom,’ ar seisean, ‘agus íocfaidh mé leat é.’

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: ‘Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’

Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’

Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n‑íocfadh sé na fiacha.

Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?’

agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;

Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne;

Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaíse. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábha domsa sa Tiarna




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí