Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 18:25

An Bíobla Naofa 1981

Agus ó tharla gan an t‑íoc a bheith aige, d'ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t‑íoc a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. “Tá do shearbhónta, m'fhear céile, marbh,” ar sí, “agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.”

agus cé gur d'aon mhianach ar bhfeoilne agus feoil ar mbráithre, agus go bhfuil ár gclann-na chomh maith lena gclannsan, caithfimidne ár mic agus ár n‑iníonacha a reic mar dhaoir; rinneadh cuid dár n‑iníonacha a éigniú! Ach níl breith againn ar aon leigheas a chur ar an scéal, mar tá daoine eile anois i seilbh ár dtailte agus ár bhfíonghort agus ár maoine.”

Dúirt mé leo: “Ár gcomhGhiúdaigh a díoladh le strainséirí, rinneamar iad a fhuascailt chomh fada agus a b'fhéidir dúinn, ach seo sibhse anois ag reic bhur mbráithre le go ndéanfaí iad a dhíol ar ais linne!” Bhíodar ina dtost agus níor fhan focal le rá acu.

Nuair a cheannóidh tú daor Eabhrach, déanfaidh sé seirbhís sé bliana duit, ansin sa seachtú bliain, imeoidh sé leis saor gan aon fhiacha air.

Má fhaightear an t‑ainmhí a goideadh ina bheatha aige, cibé acu damh nó asal nó caora é, íocadh sé faoi dhó.

Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.

Má éiríonn do bhráthair taobh leat dealbh agus é féin a dhíol leat, ná leag saothar daoir air.

Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air.

Nuair nach raibh an t‑íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí