Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 18:23

An Bíobla Naofa 1981

“Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.

Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort.

D'inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”

“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt.

Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”

Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air.

“Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta.

“Ar nós an duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin;

“Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”

“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:

Dá réir sin tabharfaidh gach duine dínn cuntas air féin do Dhia.

Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí