Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.”
Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.
Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”
Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach d'fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d'aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu.