D'ardaigh Dáiví a shúile agus chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh idir neamh agus talamh, agus claíomh nocht ina láimh aige sínte amach i dtreo Iarúsailéim. Ansin Dáiví agus na seanóirí, agus iad gléasta in éadach róin, thit siad ar a mbéal agus ar a bhfiacla.
D'éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh.
Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.
Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n‑aghaidh.
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth á rá liom sa teanga Eabhra: ‘A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.’
Nuair a bhí an bhladhm ag dul in airde chun na bhflaitheas ón altóir, ghabh aingeal an Tiarna suas i lasracha na haltóra os comhair súl Mhánóach agus a mhná, agus thiteadar ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh.