Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.
“Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.
Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.