Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 17:27

An Bíobla Naofa 1981

Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.”

Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”

idir chaoirigh agus eallaí agus eile agus ainmhithe uile an mhachaire,

I dtaca liomsa de, áfach ofrálfaidh mé íobairt duit mar aon le caintic bhuíochais; agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé. Is don Tiarna is dleacht an fhuascailt a dhéanamh.”

Nuair a dúirt sé gur ó choimhthígh, dúirt Íosa leis: “Dá réir sin, tá an chlann saor.

Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige.

“Más siocair pheaca duit do lámh nó do chos, gearr anuas í agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach nó bacach ná an dá láimh nó an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh sa tine shíoraí.

Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann.

Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in ifreann.

“Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige.

Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hifreann, an tine nach féidir a mhúchadh

b'é a leas go gcrochfaí cloch mhuillinn faoina mhuineál agus é theilgean san fharraige níos túisce ná thabharfadh sé scannal d'aon duine amháin de na daoine beaga seo.

Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?

Séard ab fhearr a dhéanamh gan feoil a ithe ná fíon a ól ná gníomh ar bith a dhéanamh a bheadh ina chúis tuisle (nó scannail nó laige) do bhráthair.

Dá chionn sin, má chuireann an bia mo bhráthairse ar a aimhleas, ní bhlaisfidh mé feoil go deo arís ar eagla go gcuirfinn ar a aimhleas é.

Bígí aireach, áfach, ar eagla go mbeadh an tsaoirse sin agaibh ina ceap tuisle do na laga.

Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine,

Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.

agus seachnaígí gach aon sórt oilc.

Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí