Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin, agus níor oscail sé a bhéal. Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas, mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha, níor oscail sé a bhéal.
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.
Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.
Ag imeacht as an áit sin dóibh, ghabh siad tríd an nGailíl agus níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine, mar bhí sé ag teagasc a dheisceabal, a rá leo: