Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 17:19

An Bíobla Naofa 1981

Ina dhiaidh sin tháinig na deisceabail ag caint le hÍosa os íseal: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é chaitheamh amach?”

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t‑ógánach leigheasta ón noiméad sin.

Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.

Nuair a bhí sé ina aonar, iad seo a bhíodh ina thimpeall leis an dáréag, d'fhiafraigh siad de i dtaobh na bparabal.

Ar dhul isteach sa teach dó, d'fhiafraigh a chuid deisceabal de ar leithligh: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é a chaitheamh amach?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí