Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh.
Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.
Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Zeibidé, agus thosaigh sé bheith buartha agus in anbhuain.
Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg ar aghaidh an Teampaill, chuir Peadar, Séamas, Eoin agus Aindrias ceist chuige ar leithligh:
Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais.
Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.
Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. “Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí d'fhinnéithe.”
Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.
Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa.