Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 16:11

An Bíobla Naofa 1981

Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.

Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.

Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”

Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

“Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?”

Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: “Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.”

Agus dúirt sé leo: “Nach dtuigeann sibh fós?”

Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.

A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t‑am seo i láthair a léamh?

Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint? De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí