Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,
ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.
Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?
agus gan bheith tugtha d'fhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh.
Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.
Tugaim rabhadh anois do gach duine a chloiseann briathra fháistine an leabhair seo. Má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia sa mhullach air na plánna atá scríofa sa leabhar seo.
Is é a bhí ráite, más ea, ag Dáiví: “Ba obair in aisce agam, go cinnte, a bheith ag cosaint mhaoin an fhir úd san fhásach! Níor cailleadh aon phioc dá raibh aige, ach féach gur olc a chúitigh sé an mhaith liom.