D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán seacht gcléibhíní.
Roinn sé orthu é. D'ith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna.
de bhrí gur shásaigh sé an t‑anam tartmhar, agus gur líon sé de nithe fónta an t‑anam ocrach.
Ach dúirt na deisceabail leis: “Cá bhfaighimis a ndóthain aráin don slua seo, agus sinn san fhásach?”
Timpeall ceithre mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.
Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
ach thóg na deisceabail leo é san oíche agus lig síos i gciseán ar cheann téide é trí scoilt san fhalla.