Matha 15:36An Bíobla Naofa 1981agus thóg sé na seacht mbuilíní agus na héisc, d'altaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. Féach an chaibidil |
An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.
Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”