Ach tháinig an bhean agus d'fhan ar a dhá glúin ina láthair: “A Thiarna,” ar sise, “fóir orm.”
“Scaoil liom,” ar sé, “mar tá an lá ag breacadh.” “Ní scaoilfidh mé,” arsa Iacób á fhreagairt, “mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.”
Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir, agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia.
Agus iad seo a bhí sa bhád, d'umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”
D'fhreagair agus dúirt: “Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.”
Bhagair an slua orthu bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”
Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”
agus bíonn sé á chaitheamh isteach sa tine go minic agus san uisce freisin chun é a mhilleadh. Ach má fhéadann tú rud ar bith a dhéanamh bíodh trua agat dúinn agus cuidigh linn.”
Ghlaoigh athair an pháiste amach láithreach: “Creidim, tar i gcabhair ar mo dhíchreideamh.”