Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 15:17

An Bíobla Naofa 1981

An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é?

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Scriosadar [altóir] Bhál agus scriosadar teampall Bhál chomh maith, agus rinneadar camraí de agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu féin.

Dúirt Íosa: “Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin?

Ní ionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siadsan neamhghlan an duine.

de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?” (Sin mar a d'fhógair sé gach bia a bheith glan.)

Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.

“Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile” - ach cuirfidh Dia idir bhia agus ghoile ar neamhní. Ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann.

Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí