Labhair Peadar leis: “Inis dúinn ciall an pharabail úd.”
“Sibhse mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra.
D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”
Dúirt Íosa: “Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin?
Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.
Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, d'fhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal.
Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.