Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”
Ach d'fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t‑ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?”
Agus bhí mórán freisin, a n‑imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.
Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”
Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: “A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:
Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”