Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth.
Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?”
Agus iad seo a bhí sa bhád, d'umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”
Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?”
Tháinig sé isteach sa bhád chucu agus thit an ghaoth.
B'áil leo ansin é thógáil isteach sa long, agus bhí an long gan aon mhoill ag an talamh mar a raibh siad ag dul.