Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 14:29

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

D'fhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.”

Ach nuair a d'airigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: “A Thiarna, saor mé!” ar seisean.

Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.

Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan bheith in amhras faoi, ní hé an beart seo amháin an chrann fígí a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige’, déanfar sin.

Dúirt Íosa leis: “Má fhéadann tú! - Is féidir an uile ní don té a chreideann.”

Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.

“Is é an t‑ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d'fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.

Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin - bhí sé ag tarraingt ar an gcéad - agus ar bhroinn mharbh Shárá.

Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí