Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?
Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”
mar chonaic siad uile é agus bhíodar buartha. Ach labhair sé leo láithreach agus dúirt leo: “Bíodh misneach agaibh! mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”
Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.
agus mar an gcéanna do Shéamas agus d'Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”
Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”
An oíche dár gcionn sheas an Tiarna láimh leis agus dúirt: “Bíodh misneach agat. Faoi mar atá fianaise tugtha agat orm anseo in Iarúsailéim, ní mór duit fianaise a thabhairt ar an gcaoi chéanna sa Róimh freisin.”