Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.
D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag.
Ansin chuir sé d'fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.
Cúig mhíle fear an líon a d'ith na builíní.
Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí” - bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine.
Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad
Mórán dá raibh ag éisteacht leis an teachtaireacht, áfach, chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mhíle fear acu ann.
Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.