Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 14:2

An Bíobla Naofa 1981

agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

“Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.

Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”

Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:

Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”

Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.”

Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh;

Agus tháinig na sluaite chuige agus deiridís: “Ní dhearna Eoin aon mhíorúilt, ach na nithe go léir a dúirt Eoin mar gheall ar an duine seo, b'fhíor dó iad.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí