Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois.
Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.
Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n‑imeodh sé uathu.