Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 13:8

An Bíobla Naofa 1981

Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,

Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d'fhás an deilgneach aníos agus phlúch é.

Agus iad seo a ghlac an síol ar an talamh maith, is iad seo na daoine a chluineann an briathar agus a ghabhann chucu é, agus a thugann toradh uathu faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”

Ach thit gráinní eile ar an talamh maith agus thug toradh uathu ag fás suas agus ag méadú, agus bhí barr air faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”

Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.

Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!”

Tugadh glóir do m'Athair sa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh, agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.

Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.

agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóire Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí