Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 13:57

An Bíobla Naofa 1981

Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.”

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.

ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.

Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim.

Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”

Agus ní dhearna sé mórán míorúiltí ansiúd de dheasca a ndíchreidimh.

D'imigh sé as an áit sin agus tháinig sé ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é.

Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”

Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.

Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.”

Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin.

Is méanar don té nach nglacann scannal ionamsa.”

Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin.

“Nach é seo,” a deiridís, “Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?”

Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí