Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 13:5

An Bíobla Naofa 1981

Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d'eascair sé gan mhoill.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh mé aon chroí amháin dóibh, cuirfidh mé spiorad úr isteach iontu: aistreoidh mé an croí cloiche óna gcorp agus tabharfaidh mé croí feola dóibh,

Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit.

An ritheann capaill ar charraigeacha? An dtreabhtar an fharraige le daimh? le go ndéanfadh sibh nimh den cheart agus mormónta de thoradh an ionracais.

Rinne siad a gcroíthe chomh dáigh le diamant ar eagla go gcloisfidís an teagasc, agus an teachtaireacht a chuir Tiarna na Slua chucu lena spiorad trí bhéal na bhfáithe a bhí ann fadó. Dá dheasca sin chuir Tiarna na Slua smachtú dian orthu le neart feirge.

An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach,

Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas.

Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d'fheoigh sé de cheal fréimhe.

Mar an gcéanna, is iad na daoine a ghlac an síol ar an gcreagán, iad seo a ghabhann an briathar chucu le háthas láithreach nuair a chluineann siad é,

Thit cuid eile den ghrán ar an gcreagán, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus d'eascair sé gan mhoill de bhrí nach raibh an ithir dhomhain aige;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí