Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.
Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.
ólfaidh seisean chomh maith cuid d'fhíon feirge Dé arna dhoirteadh gan chumasc i gcupán a chuthaigh; déanfar é a phianadh le tine agus le ruibh os comhair na n‑aingeal naofa agus an Uain.
Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.
Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad á gciapadh de lá agus d'oíche ar feadh na síoraíochta.
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”
Agus d'oscail sé an poll duibheagáin agus d'éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.