D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”
Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd.
Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.”
Ansin chuir sé d'fhiacha ar a dheisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall, go dtí Béatsáide, fad a bheadh sé féin ag scaoileadh an tslua uaidh.