Ghin an síol agus d'fhás ina fhíniúin, a bhí íseal agus leathan. D'fhás na géaga i dtreo an iolair agus na fréamhacha síos sa talamh. Tháinig ann dó mar fhíniúin, thug géaga uaidh agus chuir amach duilliúir.
Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’