Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia: ‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh, beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
“A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad.
chun go ‘mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís, agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís, d'eagla go n‑iompóidís agus go maithfí dóibh.’ ”
Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’
Dalladh an intinn iontu, áfach, agus go dtí an lá atá inniu ann fanann an púicín céanna orthu gan tógáil nuair a bhíonn an seantiomna á léamh dóibh, mar is i bpáirt le Críost a thógtar an púicín chun siúil.