Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint.
Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.
“Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint, - ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann, cluasa agus nach gcluineann.
“A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad.
“Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n‑éisteann siad.
mar atá scríofa: “Dhall Dia an aigne iontu: d'fhág sé a súile gan radharc agus a gcluasa gan éisteacht go dtí an lá inniu féin.”