Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 12:6

An Bíobla Naofa 1981

Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre i measc an chine dhaonna ar talamh? Mhuise ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?

Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?

Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.

“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.

Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?

Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí