Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil Muire uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre?
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”
Ní fhuafadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat: dá ndéanfadh, bhainfeadh an paiste rud éigin as - an nua as an sean - agus ba mhiste an stróiceadh é.
Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.
Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -
Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.”
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.
Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’