Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 12:4

An Bíobla Naofa 1981

Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d'ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Agus ar an mbord os mo chomhair leagfaidh tú arán na láithreachta i gcónaí.”

Ansin dúirt Maois le hÁrón agus lena chlann mhac: “Déanaigí an fheoil a bhruith ag doras Bhoth na Teagmhála, agus ithigí ansiúd í; agus mar an gcéanna leis an arán do íobairt an insealbhaithe atá sa chliabh faoi mar a d'ordaigh mé á rá: Itheadh Árón agus a chlann mhac é!

Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?

Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?

mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé, in aimsir Aibiatár an t‑ardsagart, agus d'ith builíní na fianaise nach dleathach a ithe ach do na sagairt, agus mar a thug fós dá chompánaigh iad?”

mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus thóg builíní na fianaise agus d'ith, agus thug dá chompánaigh iad, siúd is nach dleathach iad a ithe ach do na sagairt amháin?”

Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.

D'fhreagair an sagart Dáiví: “Níl aon arán coiteann ar láimh agam; níl ann ach arán naofa - ar choinníoll gur staon do chuid fear ó mhná.”

Thug an sagart an t‑arán naofa dó dá bhrí sin mar nach raibh d'arán ann ach arán na láithreachta a thógtar ó láthair an Tiarna le harán te a chur ina áit an lá a thógtar é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí