Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 12:31

An Bíobla Naofa 1981

“Mar sin, táim á rá libh go maithfear do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla; ach diamhasla in aghaidh an Spioraid, ní bhfaighfear maithiúnas ann.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.

Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.

Abair leo: ‘Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n‑iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?’

An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.

Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a mbíonn diamhasla déanta aige in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann.

“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.

Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn.

Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?

Na daoine a soilsíodh tráth agus a bhlais an tabhartas neamhaí agus a fuair a gcion féin den Spiorad Naomh

Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc.

Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí