Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í,
Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.