Ansin dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus rinneadh chomh slán leis an láimh eile arís í.
tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.
Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.
agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.
Tharla go raibh athair Phuiblias ina luí le fiabhras agus an dinnireacht ag cur air. Chuaigh Pól isteach á fheiceáil agus tar éis dó guí a dhéanamh ar a shon, leag sé a lámha air agus leigheas é.