Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Matha 11:4

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil á chloisteáil agus a fheiceáil agaibh:

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

á rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”

tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

Agus tháinig na daoine chuige ina sluaite móra, agus bhí acu leo bacaigh agus mairtínigh agus daill agus balbháin agus mórán eile, agus shín siad ag a chosa iad agus leigheas sé iad.

Tháinig daill chuige freisin agus bacaigh sa Teampall, agus leigheas sé iad.

Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.

Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa.

Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí